Scoil: Cúil Aodha (uimhir rolla 16521)
- Suíomh:
- Cúil Aodha, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cúil Aodha
- XML Leathanach 336
- XML “Seanamhráin”
- XML “Dó Aoil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanamhráin (ar lean)
“Lá as me ag taisteal liom féinig”
(ar lean ón leathanach roimhe)IV
Ná bídhidh-se a rádh gur le locht ar mo mháighistir
D'fágfainn an áit seo ar aon chor
Ná an bhean úd gan cháin nár thuill uaim i cháineadh
A's ar eagla í caineadh níor bhaoghal dí
Na cómharsain do b'fhearra do bhí agam am aice
B'iad muinntir na leacain le chéile
As dá dteastuigheadh uaim bainne ní bíodh orm easnamh
Mar thigeadh a dteachtaire féin leis.
V
Dá dtiocfadh an lá orm fagfaidh me an áit seo
Tá an tig seo ró árd ar fhéic ann
Níl claidhe ann ná fál do dheanfadh aon sgát
Ach fiolair ag gáir as ag éaghamh ann
Déanfar me bhriseadh as tógfar mé dem' bhonnaibh
A's imtheóchadh ar buile gan éadac
Anois ó tá an Inid ann pósfad más mithid é
A's mairfhidh mo dhuine nú éagfad- Do raghfá go dtí an coiréal as do thabharfá leat roinnt ualaighe doch-aoil. Do leagfá ar an láithreach a bhíonn ag gábhail leis an dteinaoil iad. Bíonn an láithreach san ar aon leibhéal le barra na teinaoileach. Annsan do ghéobhfeá casúr as do scoiltfeá iad. Chuirfeá leac sa pholl a bhíonn thíos ag bun na teinaoileach i dtreó as ná raghadh an mhóin ná an cloch-aoil amach. Chuirfeá roinnt brosnaig ag bun na teinaoileach a's tímcheall le bota móna(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Loingsigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 53
- Gairm bheatha
- Gréasaí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cúil Aodha, Co. Chorcaí