Scoil: Cúil Aodha (uimhir rolla 16521)
- Suíomh:
- Cúil Aodha, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leis an dtuaigh agus do bhain an ceann don t-seanduine. Do rug Micil ar an gceann agus do chuir sé ar an t-seanduine arís é, agus mar so a cheanghail sé é. Bhí an oidhche ag déanamh seaca agus bé an sioc a cheanghail é. Bé an céadh focal a labhair an t-seanduine "is dóigh liom a Mhicil go stopamíd". Chuadahar isteach go dtí an suipéir, sén rud a bhí istig rómhpa na corcán leitean. Do thosnuígheadhar ar é dh'ithe. ní raibh púinn i náon chor de ithte acu, nuair a thuit an ceann don t-seanduine isteach sa chorcán "a thiarna arsan seana-bhean cad d'imthigh air" "tá sé alright". arsa Micil cuireadh-sa air arís é. Rug sé síos go dtí an doras an seanduine agus do bhuail an ceann ar arís. Nuair a bhí san deánta aige, do rith sé fé dhéin an baile arís. Nuair a bhí sé imthighthe tamall mór do casadh air tig feirimeóra. Chuaidh sé isteach ansan i seómra mór agus ní raibh sé abhfadh i n-áon chor istig nuair a airig sé fotharamh mór. Bhí seana bhean ag teacht i dtreó an doruis, do léim sé isteach a mbaraile mór i bhfolach uirthe. Tháinig sí isteach agus do chaith sí dá ghalún bainne anuas air. Do léím sé amach(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Diarmuid Ó Duinnín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Seoladh
- Cúil Aodha, Co. Chorcaí