Scoil: Cúil Aodha (uimhir rolla 16521)
- Suíomh:
- Cúil Aodha, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cúil Aodha
- XML Leathanach 367
- XML “Paidreacha”
- XML “Doineann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)A bhfuil d'Aingil is d'Aspoil i gCathair geal na ngrást
Ag coimeád an tíghe seo is a buidhin go láCoiglim an teine le crannaibh ríghin Phádraig
Ná tógfar ár gcuid ná brisfear ár dtig
Go dtigid an solas go licibh an dorais an laé amáirig - Tímcheall céad bliadhain ó shoin i mí an Áibreáin tháinig tuille mhor anuas idir an dá Chíc. Ní raibh aon choinne ag na daoine léi mar bí an lá ana breágh. Bhí sí ag teacht i dtreó Abha na Fleasga agus bí tig i i n-aice na h-abhann. Muinntir luasa a bhí 'na gcómhnuidhe ann. Bhí meitheall acu ag baint na móna an lá san. Bhí an chailín aimsire ag teacht abhaile tar-éis an té do bhreith cúca agus b'sin í an chéad duine a chonnaic an tuille. Bhí táilliur ann leis a bhí ag obair acu an(leanann ar an chéad leathanach eile)