Scoil: Cúil Aodha (uimhir rolla 16521)
- Suíomh:
- Cúil Aodha, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cúil Aodha
- XML Leathanach 372
- XML “Filíocht”
- XML “An Leipreachán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)lúth a géug
Is bás gan sagart go bfaidh a anam i láthair Dé - Duine beag bídeach iseadh an leipreachán Istig i bpluais carraige a bhíonn sé 'na chómhnuidhe agus is ag gréasaidheacht a chaitheann sé a shaoghal. Ní bhíonn aoirde fód móna ann ach mar sin féin bíonn sé ana cliste. Bhí leipreachan thuas i Sliabh Riabhach fadó i gCarraig ar a dtugtar Carraig a' stábla. D'airigeadh a lán daoine é ag greasaidhceact istig sa pluais. Bhí bean ó'n áit san ag dul síos go dtí an Muileann lá amháin. Chonaic sí an firín na shuidhe sios i n-aice na carraige. Bhí fhios aici gurb é an leipreachan a bhí ann D'éaluig sí síos chuige agus do rug sí air i gcan fios do. "Tabair dom sparán na scillinge" ar sise "Tá go maith" ar seisean. Ach cé hé sin atá lastiar díot. D'iómpuig an bean uaidh agus d'féac sí tímceall uirthi ar eagla go mbead aoinne ag féacaint(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ó Céilleachair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 64
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Doirín Álainn, Co. Chorcaí