Scoil: Cúil Aodha (uimhir rolla 16521)
- Suíomh:
- Cúil Aodha, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus bhíodh an buaiceas ceangailte do thairringe ar an dtaobh thuas chun é coimeád istig 'na lár. San amh gcéadna bhíodh corcán ar an dteine agus gcir na bó á leigheadh ann. Nuair a bhíodh sé leighte aca do lionaidís an múnla dhe. Annsan do leighidís do fuaradh go dtí go mbíodh sé go maith cruaidh. Do thógaidís an múnla amac ar an dturnop agus do cuiridís isteac i n-uisge te é. Nuair a bhíodh sé bog te d'feadaidís an coineall a thógaint amac as.
Tá sean-nós eile ag na fir. Amuig sa stábla tá seana bhata sáitte sa bhfalla agus tá tímceall sé nú seacht de bhruiteanna a bhíodh mór-tímcheall na siorraig nuair a rugadh iad agus iad go léir triomuighthe suas. Dubhairt lem' athair lá nuair a bhí sé ag glanadh amac an stábla "cad na thaobh na caitheann tú an seana-bata amac as an áit sin", ní chathfad ar seisean, "na bris act is ná act is na tairrig mí-rath go brác ort.- Faisnéiseoir
- Tadhg M. Ó Duinnín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Cúil Aodha, Co. Chorcaí