Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ansan thrial Seán ar dul isteach i Neamh ach ní thógfadh Dia é toisg deighleáil a bheith aige leis an ndiabhal agus i dtaobh na margaí grándha a dhein sé.
Bé an trímhadh guidhe a iarr Seán ná go mbuadhfadh sé gach cluiche cartaí a imireóchadh sé.
Ansan d'iarr an diabhal air cluich cártaí a imirt in aoin-fheacht leis agus dá mbuadhfadh sé an seachtmadh cluiche ná fanfadh sé in ifreann a thuile ach go leigfeadh Dia isteach é.
Thosnuigheadar ag imirt agus do bhuaidh Seán an céad ceann agus an tarna ceann agus bhí árd iongnadh agus fearg ar an ndiabhal mar ní raibh fhios aige cá bhfuair Seán an cómhacht. Chomaineádar leó go dtí go bhfuair Seán na seacht gcluiche in dhiaidh a chéile, agus a lán óir fachta aige. Ansan bhí a trí nguidheanna fachta aige. :- An céad ceann:- an diabhal sa mhála, an tarna ceann:- an t-ór, agus an trímhadh ceann na cluiche cártaí. Fuair sé ceithre cinn gan é a fhiafruighe in-aon-chor sé sin dul ar Neamh.- Faisnéiseoir
- Seán Ua Luasaigh
- Inscne
- Fireann