Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 132

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 132

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 132
  3. XML “An Bhean Bheag”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí galar éigin uathbhásach tímcheall Cluain Drochad an uair a thuit so amach, agus gach duine a ghlacfadh í caithtí é chuir amach go tig éigin ar an dtaobh amuich d'en clós agus gan aoinne do dhul cómhgarach do.
    Do chuirfeadh duine éigin mar sin isteach ann do sguabadh an t-úrlar go glan is do cuireadh síos teine mhaith dho is do tugadh geatraí do chun teine lasadh istoidhche. Do tugadh leabaidh maith compórdach do, chun a luighe ann agus fagadh ann é.
    Nuair a tháinig an oidhche do ghiob sé suas an teine agus las sé geataire agus suidh sé cois na teine agus ní raibh aon codlad air agus bhí sé chómh compórdach agus a fhéadfadh sé bheith. Do bhí an coilleach istig in aon-feacht leis. Tímpeall a dó - déag tháinig bean beag isteach, níor osgail an doras agus bhí an fhuinneóg dúnta, agus mar sin ní fhéadfhadh sí teacht isteach ach ón aer agus bhí a fhios aige gur sprid abhí ann. Rith sí suas chun na teine agus shuidh sí ann.
    Bhain sí di a bróga agus thosnuig sí ar a cosa do téitheadh, bhí sí ann ar feadh abfhad agus fé dheire do glaoidh an coileach agus ní raibh ach bróg amháin irthi, ach do chaith sí imtheacht agus d'fhág sí an bróg eile 'na diaidh.
    Nuair abhí sí imtighthe do thóg an fear an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Bríghid Bean Uí Corcora
    Inscne
    Baineann