Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 137](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0330%2FCBES_0330_137.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 137
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)doras, agus do sheasaimh fear i lár an úrláir, gan an doras d'oscailt in-aon-chor, do ghlaoidh sé i leath-taoibh ar an mbuachaill agus dubhairt sé go raibh gnó ana speisíalta aige dho, ní raibh aithne ag ainne acha air agus mar sin do chuaidh an driothár in-aon-feacht leó agus ní dúbhairt an strannséir aon rud leis sin.Do chomainéadar leó do dtí go d'tánadar go dtí an áit na bhfeacaidh an buachaill an fear ar dtúis an oidhche úd. Do stopadar ansan agus do thóg an strannséir máilín beag amach as a phóca agus d'osgail sé é, agus tháinig rán agus sluasad amach as agus do bhi fhios ag na buachaillí go raibh cómhacht éigin aige nuair a connacadar an méid sin. Do thosnuig sé ag gearradh an scró ansan agus ghearr sé tímcheall troig ar fhaid agus ar leithead, agus dúbhairt sé leis bheith ag chaitheamh amach an cré agus dhean an buachaill rud air, nuair a bhí cuid maith d'en cré caithe amach aige dúbhairt sé ná chaitheadh sé amach a thuille dhe, mar ná raibh aon rud le fagháil ann ach dubhairt sé leis cúpla sluasad eile do caitheamh amach agus do dhein agus cad a chonnaic sé ach plaoisg duine. Rug an strannséir ar ghruaig an plaoisg agus caith sé isteach sa mailin bhig é. Ansan chuadar go dtí an áit 'nar thuit an lámh dheis de agus thosnuighdear ag gearradh arís fé mar a dheineadar cheana agus fuaradar an lámh ar an gcuma(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Ristéard Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 61
- Seoladh
- Na hUláin Thiar, Co. Chorcaí