Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)rígh i mbaoghal a bháis mí ó shoin agus go raibh sé go maith anois agus a dtiocfhadh sí chun an fhéasta i bhfhuirm éin mar b'fhéidir go mbeadh an rígh fiosrach ar cé a bhí ann, sgaradar ansan.
Ar maidin lá'r na mháireach thosnuigheadar ar an bhféasta a bheith aca airís, chuaidh an búachaill chun an dorais ach ní fheachaidh sé aoinne ag teacht. I lár an fhéasta bhíodar go léir go méidhreach agus tháining éan isteach tríd an fhuinneog agus do tháinig crith ar an mbuachaill mar do tháinig an éan go dtí an pláta 'na raibh sé ag ithe as agus do ól sé braon fíona. Tháinig eagla ar an rígh mar dúbhairt sé gur comhartha báis é sin éan a theacht isteach go dtí an tig nuair ná raibh an uain go fuar níor dhein an buachaill aon ionghnadh dhe agus nuair a fhiafhruigheadar de, cé bhí ann dúbhairt sé gurab'é a mháthair féin a bhí ann agus gurab' amhlaidh a bhí droch sgéal éigin.
B'fhíor do, do glaoidh an éan i leath-taoibh ar an mbuachaill agus dúbhairt sí leis go raibh duine dá driotháracha ag fághail báis agus féacaint an dtiocfadh sé cúcha.
Dúbairt sé leis an rígh go raibh gnó speisialta aigé as baile ar feadh cúpla lá. Thóg an éan eiteallán as a phócha agus cuaidh an beirt isteach agus siúd leo agus bhíodar ag imtheacht agus ag imtheacht ar feadh abhfad agus sa deire stopadar ós(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Sean Ua Luasaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Cheapach Thoir, Co. Chorcaí