Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 153
- XML “An Circín Óir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí rígh ann fadó is minic abhí agus beidh arís leis. Bhí aon mach amháin aige. Bhí rígh sa somhan thoir agus bhí inghean aige agus ní bhfaghadh aoinne le pósadh í ach duine a dhéanfadh na dása a chuirfeadh a h-athair air.
Dúbhairt an mach leis le na athair go raghadh sé fé dhein inghean an rígh féachaint an bpósfadh sí é nó “téighidh” ar seisean “mar níl aon maith dhuit ann. D’imthig an mach fé ’na dhéin nuair a chuaidh sé isteach i dtig an rígh sa domhain, tháinig sé fe dhein an rígh onóraig. “Cadé an iongnadh é sin” ar seisean “Is mó rígh agus prionnsa a tháinig rómhat.”
Chuireadh cóir leabthan air, i gcóir na h-oidhche. Nuair eirig sé ar maidin agus d’ith sé a breicfeast dúbhairt sé leis imtheacht amach agus an stábla do glanadh, nuair a chaitheadh sé amach sgaob do thagadh trí sgaob isteach.
Shuidh sé síos agus luig sé ar ghuil, dubhairt an inghean le na máthair gur mithid an dinnéir a bhreith chun mach an rígh. “Más truagh leat é déanfaimís é” ar sise “beir leat amach lionn-craobh agus arán ruadh na ngadhair,” d’imthig sí triall air ach ní hé an biadh sin a thóg sí amach cuige ach an biadh agus an dígh dob’ fhearr abhí sa tig. Cuaidh sí amach ag triall air agus bhí sé amuich roimp ag gol. “Suidh síos” ar sise agus ith do dhinnéir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Neill Bean Uí Thuama
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 67
- Seoladh
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí