Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 167
- XML “Dúil san Óil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí sagart i bparóiste áirighthe fadó. Bhí ana dhúil san óil aige. An t-athair Ó Mangáin ab’ ainm do. Ba ghearr gur chuaidh an sgéal amach air agus lá amháin bhuail fear darb’ ainm Ó Murcadha uime, agus bhí aithne mhaith ag an mbeirt ar a céile.
Dubhairt an sagart leis an raibh aon sgéal aige dúbhairt seisean ná raibh agus dubhairt an sagart leis ba cóir go mbeadh “Bheul tá ach ní maith liom é a innsint duit. Dein arsan Sagart.
Tosnuig sé mar seo:–
Chuala go raibh sgéal duilg,
duairc,
Ag an t-athair Ó Mangáin,
go bhfuair sé ’na chogar,
Is gur bhrostuig sé cun
pionta d’fhághail,
Gur sháidh sé an eocair
fé’n ndoras
Chun Rígh na ngrást,
Is go ndeaghaidh sé
cun sodair ar obair d’on
diabhal go bráth.- Faisnéiseoir
- Donncadh Ua Críodáin
- Inscne
- Fireann