Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 170

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 170

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 170
  3. XML “Seamus Mór Ó Muimhneacán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Saor cluiche ab'eadh é ag Seamus Mór Ó Muimhneacháin Cuaidh sé anonn go dtí Béal - Átha - an - Gaortigh tráthnóna airighthe ag déanamh cró muice. Cuaidh sé anonn an tráthnóna roim ré. Tar-éis dul a chodladh dhóibh bhíodar ag caint ar feadh tamaill go dtí gur léím Séamus de phreib agus d'fhiafhruigh fear an tíghe air cad a bhí ar agus dúbhairt Séamus leis :-
    "Tá eilitreach gan earball anso fé'n
    t-shúsa
    Is is criemneach a bheireann sé
    ar gach géag liom-sa
    Ach dá mbéarfainn-se air
    im dorn dúnta
    Do bheadh deire leis an
    eilitrig
    Go dtí lá an cúnta."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Donncadh Ua Críodáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    48
    Gairm bheatha
    Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí