Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 171
- XML “An tAmadán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Na céadta bliadhain sar ar rugadh ár slánuightheóir bhí fear ’na chómhnuidhe ag an Muilleann, agus bhí sé ’na amadán críochnuighthe agus bhíodh sé ar meisge i gcómhnuidhe.
Nuair a thagadh sé isteach gach lá agus é ar meisge do bhíodh a mháthair ar fuaid a tíghe agus í ar buile, agus ní bhíodh seisean ach amrán do féin in aice na teine. Oidhche amháin tháinig sé isteach go h-ana dhéanach agus bhí an seana bhéan imtighthe a codlad, agus ní raibh aon áit aige chun dul isteach ach tré poll na h-eocrac mar bhí feircín ime ar an dtaobh istig de gach dorus.
Chuimhnig sé ar sheift go raghadh sé isteach tríd an bhfuinneóig. Cheap sise gur go Cúil-Aodha ag imirt cartaí abhí sé imtighthe agus dubhairt sí mar seo:-
“A Dhiarmuid na gcarad,
Is attuirseach dúbhach do
sgéil,
Ag imtheacht ó’n mbaile
seo,
Ag tarrac ar sráid
Cúil Aodha,
Bíonn bórd ann leagaithe,
Is gambol ann suas
led taobh,
Is is ró gearr gur scladaig
maircealac trí is raol.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Neill Bean Uí Thuama
- Inscne
- Fireann