Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 174](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0330%2FCBES_0330_174.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 174
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Buail fear bocht isteach i dtig feirmeóra oidhche fadó agus d’iarr sé lóisdín na h-oidhche ó bean an tíghe agus fuair sé é, ach ní bhfhuair sé greim (na) le n-ithe, Ní raibh fear an tíghe istig agus cuireadh na codladh ar an seitle an fear bocht, nuair a tháinig fear an tíghe isteach do fuair sé a shuipéar do féin agus bhí múintir an tíghe go léir na gcodladh.
Bhí sé suidhte ar an mbórd agus é ag ithe a shuipéir nuair a chuir fear na seitileach a cheann amach agus d’fhiafhruig sé do’n fhear cad é an ainm a bhí ar an áit sin agus dúbhairt an fear “Baile an Easbuig” an ainim a bhí air, dúbhairt an duine bocht mar seo:-
“Baile an Easbuig gan gruaim
Ar son gurab’ann is cruaidh na
mná
Agus más in an bhoilg atá an
suain
Is fada uaim-sé ‘am codladh
go lá.”- Faisnéiseoir
- Conchúbhar Ua Céilleachain
- Inscne
- Fireann