Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 225
- XML “An Mactíre Bán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a cuaidh an machtíre bán amach d'fhiafruigh an fear eile de cad é an rud a bhí ag olagón istig na seomra an oidhche roimis sin agus is ansan a chuimhnig an mactiíre bán ar an ndeoch a fuair sé agus níor thóg sé é in aon- chor agus bhí sé na dúiseacht agus dúbhairt sé leis an gcailín go raibh draoidheacht ag an gcaillig air agus dá bhfheadfaí í do mharbhúghadh go mbeadh sé féin na rígh. Dúbhairt sé go raibh spota beag donn ar brollach na caillighe agus go raibh ubh aici na pearsain agus dá bhfhéadfaí an spota beag donn do bhualadh leis an ubh go marbhócfaí í. Dúbhairt an cailín leis an gcailín eile dá bhfeadfaí an cailleach do marbhúghadh go mbeadh sí na mnaoi breágh áluinn dathamhail agus dhein sí amlaidh.
Ach nuair a bhuail sí í imtigh sí na braoinín uisge. Bhí an machtíre bán 'na rígh agus fuaradar an triúr clainne thar-nais agus bhí saoghal níos fearr aca ná mar a bhí ag an mbeirt eile.- Faisnéiseoir
- Siobhán Bean Uí Céilleacair
- Inscne
- Baineann