Scoil: Baile Mhúirne (Cailíní)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus do bhí fuil ag sileadh leis.
Do bhí eagla ar an Sagart teacht níos giorra ná an doras. D'fhan sé amuich agus do thóg sé amach a leabhar agus do thosnuig sé ag paidireóireacht. Níorbh' fhada go dtáinig an bhean amach agus do chuaidh sí ar a dhá glúin ó's cómhair an Sagart amach agus do chuir sí na seacht mallachtaí ar an Sagart. Do rith an Sagart amach an doras uaithi agus abhaile.
An oidhche sin do fuair an fear bás agus an bhean chómh maith leis agus ar maidin nuair abhí na daoine ag gabháil an treó ní raibh tásg ná tuairisg ar an dtig 'na rabhdar 'na gcómhnuidhe ann. Do cheannuig duine éigin an paiste talmhan agus do chuir sé rudaí ag fás ann ach ní fhásfaidís ann agus níor fhás aon rud ann ó shoin.- Bailitheoir
- Cáit Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Bean Sheáin Uí Luasaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí