Scoil: Baile Mhúirne (Cailíní)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí beirt driothár ann uair amháin agus do bhí an bheirt aca pósta. Do bhí duine aca ana shaidhbhir agus do bhí an duine eile ana bhocht. Ní raibh ach féar aon bhó amháin ag an bhfear mbocht.
Do bhí an fear saidhbhir ana shanntach agus ní thabharfadh sé aon nídh in-aon-chor de'n driothar bocht. Ní raibh aon chlann ag an bhfear saidhbhir ach do bhí clann mhór ag an bhfear mbocht. Do bhíodar chómh bocht san gur minic a bhíodh ocras ortha, air féin is ar a bhean is a chlann. Fé dheire d'eirighdear chómh bocht san go ndubhairt a bhean leis go gcaithfidís an bhó a dhíol.
Do bhí an t-aonach le bheith ann lá'r na mháireach agus dubhairt sé go raghadh sé ann leis an mboin. Ar maidin lá'r 'na mháireach d'eirig sé go h-ana luath chun dul ar an aonach leis an mboin. Ní raibh ach blúire beag leitinn aige i gcóir a bhreicfeast.
Nuair abhí an breicfeas ithte aca do chomáin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Bean Sheáin Uí Luasaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí