Scoil: Gob an Choire (Clochar) (uimhir rolla 16890)

Suíomh:
Gob an Choire, Co. Mayo
Múinteoir:
Sr. M. de Sales
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0085, Leathanach 198

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0085, Leathanach 198

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gob an Choire (Clochar)
  2. XML Leathanach 198
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá cúpla tobracha beannuithe in Acaill acht sé an ceann is mó le rádh ná an ceann atá suidhte ag Bun Sliabh Mór.
    Tugann daoine cuairt ar an tobar ar an gcéad lá de mhí Bealtaine agus ar an gcúigmhadh lá déag de mí Lughnasa.
    Téidheann siad thart ar an tobar seacht n-uaire agus abruigheann siad an "Abhe Máire", an paidir, agus an Glória gach uair.
    Fágann daoine rudaí beaga na ndiadh, mar paidríní, cnapaí agus píosaí éadaigh agus rudaí mar sin. Beireann siad cuid d'en uisge abhaile leo agus tugann siad do na daoine a mbíonn tinn le n-ól.
    Sé é an Naomh a luaidhtear leis an tobar seo ná Naomh Cólmán.
    Uair amháin bhí bean in- a comhnaidhe i Dubhach agus bhí mac aici nach raibh aon siubhal aige ariamh ón am a rugadh é.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Anna Ní Chorragáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Caiseal, Co. Mayo
    Faisnéiseoir
    Bríghid Ní Chorragáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Caiseal, Co. Mayo