Scoil: Gob an Choire (Clochar) (uimhir rolla 16890)
- Suíomh:
- Gob an Choire, Co. Mayo
- Múinteoir: Sr. M. de Sales
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus tháinig siad go dtí teach. Chuaidh an gadaidhe isteach sa teach agus chonnaic sé bean agus páiste agus bhí an bhean ag caoineadh. Dubhairt an bhean leis an ngadaidhe gur teach fhathaigh a bhí sa teach agus dubhairt sí go raibh an gadaidhe imthighthe amach agus go gcaithfeadh sí an páiste a bhruith le haghaidh dinnéir an fhathaigh.Dubhairt an gadaidhe leis an mnaoi banbh muice d'fágháil agus na cosaí a bhaint dí. Dubhairt sé an mhéar bheag a ghearradh de'n pháiste agus é chur í mbéal na muice agus an mhuch a bhruith. Rinne an bhean é sin agus chuir sí an páiste í bhfolach. Chuaidh an gadaidhe í bhfolach i bhpoll faoi'n teach agus bhí go leór daoine mairbh sa pholl. Tháinig an fathach isteach chun a dhinnéir agus dubhairt sé. Geibhim boladh an Éireannaigh bhradaigh annseo. Shuidhe an fathach isteach chuig a dinnéar agus d'ith sé an mhuch agus shíl se gur páiste bhí ann nuair a fuair sé méar an pháiste sa mhuic. Bhí go maith, níor ith sé a sháit agus síos leis go dtí an poll, go dtí na daoine mairbh. Bhí dúil aige greim feóla a bhaint de dhuine eicínt. Luighe an gadaidhe í measg na ndaoine mairbh agus an créatúr bhí an mí ádh air. Chuaidh an fathach go dtí an gadaidhe ag bhain se giota feóla dhá thaobh. Thionnthuigh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Pádhraig Ó Gallchóbhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Sraithíní, Co. Mayo
- Faisnéiseoir
- Máire Nic An Mháighistir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Sraithíní, Co. Mayo