Scoil: Gob an Choire (Clochar) (uimhir rolla 16890)
- Suíomh:
- Gob an Choire, Co. Mayo
- Múinteoir: Sr. M. de Sales
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gob an Choire (Clochar)
- XML Leathanach 217
- XML “Seanfhocla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Lá Fhéile Muire sa bhfóghmhair iteann an bodach a sháith.
Ní dírighe a fhásas druim sa lachain na lá Fhéile Muire í lár an Earraigh.
Ná tabhair do bhreith ar gcéad sgéal go mbeiridh an dara sgeál ort.
An té nach múinfidh Dia ní muinfidh duine.
Is fearr obair na cainnt
An fear is mó cainnt is lugha oibre
Sé an cárr folamh a dhéanann an gleó
Ní hiad na fir mhóra abhaineas an Foghmhair.
Bíonn cluasa ag baile
Níl le cainnt a líontar an bolg.
Níl greim ar an orachar a eaittear.
Is fearr rith maith ná droch sheasamh.
Sé an t-uisge ciúin is doimhne ritheas
Siad na muca ciúine a itheas an min
Is doimne fuil na uisge.
Is tréise dutchais ná oileamhaint.
An rud a fheiceann an leanb séanann sé é
Céard a dhéanfadh mach an chait ach loch a mhairbh.
Mar bhéas an cú, bíonn an coileán.
Is minic a bhaineann duine slath a bhuaileann é féin
An té cheangluigheann, sé sgaoileann.
An rud a sgríobhann an púca téigeann sé féin é.
An té nach bhfuil láidir caithfidh sé bheith glic.
Sé a sgéal feín sgéal gach duine.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádhraig Ó Gallchóbhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Sraithíní, Co. Mayo
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Ní Gallchóbhair
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Sraithíní, Co. Mayo