Scoil: Gob an Choire (Clochar) (uimhir rolla 16890)
- Suíomh:
- Gob an Choire, Co. Mayo
- Múinteoir: Sr. M. de Sales
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gob an Choire (Clochar)
- XML Leathanach 218
- XML “Seanfhocla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Is teann gach madra ag a theach féin.
Is maith an tiománaidhe an té bhíonn ar an gclaidhe
Tosach sláinte codhladh
Is deacair ceann críona a chur ar guaillibh óga
Is fear mall nó go bráth
Tá iasg sa bhfarraige chomh mhaith is a ceapadh riamh.
Is fusa tuitim na eirighe.
Is fearr sláinte ná ór.
Dá ghiorra do dhuine a chóta is giorra dhó a léine.
Dá dhonacht maol is measa mulach.
Mol an óige agus tiocfaidh sé
Is fearr lubhadh na briseadh
Tar éis a déanta tuigtear gach beart.
Muna gcuiridh tú san Earrach ní bainfidh tú sa bhfóghmhair.
Muna raibh sé agat indé béidh sé agat amáireach.
Dá fhaid é an lá tagann oidhche ar deireadh.
Is bocht an sagart nach mbíonn cleireach aige.
An rud ba beasa dho dhuine b'féidir gurbh é clár a leasa é
Dá mbéadh sé ag báisteacvh go Samhain ní bheadh ann ach cioth?
Bíonn cloc reatha gan caoineach
Sé capall na hoibre an biad.
Is mairg nach mbéadh teann ag a shaoghal gearr.
Nuair is cruadhóg do'n challaigh caithfidh sí rith.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádhraig Ó Gallchóbhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Sraithíní, Co. Mayo
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Ní Gallchóbhair
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Sraithíní, Co. Mayo