Scoil: Gob an Choire (Clochar) (uimhir rolla 16890)
- Suíomh:
- Gob an Choire, Co. Mayo
- Múinteoir: Sr. M. de Sales
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ní imtheóchadh sé as an ngarraidhe. Ar dtús rithfeadh an gasúr giota beag annsin sheasfadh sé ag dearcadh ar an bhfear. Thóigfeadh sé cabáiste leis agus rithfeadh sé giota eile. Bhí sé ag cur feirge ar an bhfear agus í ndeire na dála dubhairt an fear go n-innseóchadh sé do'n sagart an gadaidheacht a bhí déanta ag an ngasúr. Nuair a chuala an gasúr é sin rith sé abhaile agus a anál í mbárra ghuibe aige. Ar chaoí ar bith bhí dinnéar maith ag an gcleasaidhe. Ní shin ach rud amháin a rinne sé. Bhí grádh mór aige bheith ag dul go bainse agus ag dul ar thóradh. Chomh cinnte is a théigheadh sé go dtí áit ar bith dhéanfadh sé rud eicínt as bealach. Rud ar bith a déanfhaidhe chuirfidhe an milleán ar an gcleasaidhe. Chuala an gasúr seo go raibh toradh le bheith ar an bhaile. Smaoinigh sé ar chleas a imirt í dteach an toraidh. Amach leis go dtí an tóradh agus ar chaoí éigin nach bhfuil fhios agamsa ghoidh sé an corp amach as an dteach. Bhí siopa timcheall na háite agus ba gnáthach le máthair an ghasúir seo dhul chun an t-siopa céadhna. Thug sé an corp leis agus dh'fág sé é na luighe í gcoinne dorais an t-siopa é, sa chaoí nuair d'foslóchadh an siopadóir an doras, thuitfeadh an corp isteach. Níor leig an gasúr rud ar bith ar féin ach shíl sé go gceapfadh an siopadóir gur máthair an gcleasaidhe 'bhí ann(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Pádhraig Ó Gallchóbhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Sraithíní, Co. Mayo
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Ní Ghallchóbhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Sraithíní, Co. Mayo