School: Port Urlainn

Location:
Port Durlainne, Co. Mayo
Teacher:
Liam Breathnach
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 195

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 195

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Port Urlainn
  2. XML Page 195
  3. XML “Seancheirdeanna - Mar a Dhathaíodh siad Éadaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ar dtús gheibhein cainín agus sgian agus téighim amachag piocadh dath na gcloch. Nuair a thugam isteach cuirim sios pota uisge ar an teine agus nuair a bíonn sé bruidhte tóigim é. Cuirim an dath na gcloch sa bpota agus cuirim ailm ann chomh maith. Bruithim ath-uair é. Annsin sgagaim an caoineach as an uisge agus bíonn an t-ádhbhar daithte fágtha. Cuirim an rud abhíos le dathú isteach san uisge agus fágaim annsin é ar feadh 20 nóiméid nó níos mó do reír tuighas an éadaigh. Annsin toígím an t-éadach tar éis é a chorrughadh cúpla uair agus faísgim é. Cuirim amach ag tirmuighadh é annsin. Tugaim isteach annsin é agus bíonn dath deas ruadh-bhuidhe air. Deanann siad an rud seo go fóill le stocaí,
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraig Ó Dómhnaill
    Gender
    Male
    Address
    Port Durlainne, Co. Mayo