School: Port Urlainn
- Location:
- Port Durlainne, Co. Mayo
- Teacher: Liam Breathnach
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Port Urlainn
- XML Page 216
- XML “Cluichí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seo iad na cluichí a chleachtuigheann na daoine, Dallóg, Dul i bhfollach agus lurpóg lárpóg. Cuireann duine éadach ar a chloigeann ionnus nach féidir leis na daoine eile a fheiceaíl agus deanann sé iarracht iad a cheapadh. An t-é a cheapfadh (?) sé eisean a chuirfeas air an dallóg an chéádh t-am (?) eile. Mar a deanann siad Dul i bhfollach - cuireann duine eadach ar a cheann agus téígheann na daoine eile i bhfollach. Nuair a bhíonn siad i bhfollach baineann sé an t-éádach dá cheann agus téigheann ghá gcuartughadh an chéad duine a gheibheann sé eisean a chuireanns an t-éadach ar a cheann.Bailigheann na páistí uilig thart ar an teine le h-aghaidh "lúrpóg." Sineann siad uilig a gcuid cosa amach agus deireann duine an Rann seo
Lurpóg lápóg c Cosa buidhe buigh (?)
súighna sicne sicne mille slaomán (?)(continues on next page)