School: Port Urlainn
- Location:
- Port Durlainne, Co. Mayo
- Teacher: Liam Breathnach
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí cill ag an naomh seo thaobh thiar de Cheathramhadh Thaidhg ar phlásóg ghais in-aice na fairrge. Tá baile anois ar an árdán taobh o thuaidh de'n phlásóig agus tugtar Cill Uí Ghailleagaín ar an mbaile. Áit abhí an Chill tá a lorg fós: fotharach árd agus carn mór cloch ina bhárr.Tá uaigheanna go leor ar thaobh agus ar bhárr an fhotharaigh seo agus sin Cill Uí Ghailleagaín ó cheart. Tá leis na bliadhanta fada roilig san áit sin agus tá balla thart air anois. Roilig Chill Uí-Ghaileagaín a tugtar uirre.Deirtear go rabh an Naomh seo i gCill Uí Ghaileagaín go luath tar eis aimsir Phádraig. Tá sé chomh fada sin aon chuma nach bhfuil tracht ar bith ar an naomh anois ach an lorg a d'fág sé feín agus cupla sgéal atá faoi. Ní luaidhtear an naomh seo anois(continues on next page)