School: Baile an Chaisil C., Clochar na Trócaire
- Location:
- Ballycastle, Co. Mayo
- Teacher: An tSr. Aingeal
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bacach agus a bhean ag iarraidh déirce fé'n dtuaith. Thug bean fheirmeóra galún bainne dhóibh lá. Tráthnóna an lae sin do shuidheadar síos ar charn chloc ar thaobh an bhóthair cun a stuirse a dhéanamh. Bhí an fear ag cnáimhseáil toisc nár éirigh níos fearr leo an lá sin. "Arú ná bí ag cnáimhseáil" arsan bean. "Feach" ar sise," díolfaimíd an galún mór bainen seo nuair a rachaimíd ar an mbaile mór agus ceannóchaimíd cearc ar an airgead. Béarfaidh an chearc uibheacha dhúinn, agus cuirfimíd na h-uibheacha ar gor. Beidh ál mór sicíní againn annsin, agus nuair a fhásfaodh siad, béarfaidh siad san mórán mór ubh. Díolfaimíd na h-uibheacha agus ceannochaimíd gamhain. Nuair a fhásfaidh an ghamhain sin beidh gamhain eile aici agus ní fada go mbeidh matha breágh bó againn(continues on next page)
- Informant
- Máire Ní Thomáis
- Gender
- Female
- Address
- Ballyglass, Co. Mayo