School: Baile an Chaisil C., Clochar na Trócaire
- Location:
- Ballycastle, Co. Mayo
- Teacher: An tSr. Aingeal
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear de mhuinntir Thaidg in a chomhnuidhe sa gceanntar seo agus bhí leas-ainm air - Gasúr Ó Thaig. Spealadóir iongantach a bhí ann. Bhí se inann acra móinfeír a bhaint sa ló. Duine ar bith a raibh móinféar le baint aige chuirfeadh sé fé dhein Gasúr Ó Taidg. Bhí dream Protostúnaigh in a gcomhnuidhe in Gort an Túar - Búrcaigh an sloinne a bhí ortha.
Bhí gáirdín breagh ubhall aca agus tá an gairdín céadna ann go fóill. Aon bhliadhain amháin bhí na crainn ubhall clúduighthe le dearg - daoil agus d'íosfadh siad an duine a rachadh isteach san ngáirdín. Chuir na Búrcaigh fé dhein an ministéara leis na Daoil a dhíbirt as an ngairdín. Tháinig an mhinistéar agus sáruigheadh air na Daoiul a dhíbhirt. Annsin chuir na Búrcaigh fa dhein an Athar Pádraig Ó Flannagáin a bhí in a shagart Padraig Ó Flannagáin a bhí in a shagart pharráiste i gCill Bhrígide. Tháinig(continues on next page)- Informant
- Máirtín Ó Dochartaigh
- Address
- Killerduff, Co. Mayo