School: Mucros (roll number 5364)
- Location:
- Mucros, Co. Donegal
- Teacher: Aodh Ua hEigeartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mucros
- XML Page 208
- XML “Pósaithe”
- XML “Pósaithe - Pisreogaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhíodh lánamháin ‘na suidhe ar dhruim an chapaill – an bhean ‘na suidhe i gcúl an fhir ar súgán droma.
- Pósaidhthe (Ar Leanamhaint). (Pisreógaí)
Ainm an duine o’na bhfuarthas na Pisreógaí seo – Séamus Ua Máodhacháin.
A Shéoladh – Dachtán, Cill Cartha , i dTír Chonaill.
A Aois – 56 bl. A Ghairm-Bheatha – Feirmeór.
Cá’r tógadh é agus car caith sé a shaoghal – in Dachtán, Cill Cartha.
Ainm an duine ó’r cualaidh séiseán na Pisreógaí – O’na Athair.
Cé mhéad bl o shoin – 37 bl.
Aois an duine eile an t-am sin – 44 bl.
An áit a rabh an duine eile na chomhnuidhe – in-Dáchtán, Cill Cartha.
An dáta ar a scríobhadh na pisreógaí sa leabhar seo – 3/6/1938.
Pisreógaí.
Deir na sean-daoiní nár chóir dó’n bhríghdeóig éadach a bhfuil spotaí ann a chaitheamh lá an phósta. Níor chóir dó’n bhaintreabhaigh éadach bán a chaitheamh lá an pósta. Ní bhéidh ádh ar bith an bhríghdeóig a chaitheas éadaigh glasa nó buidhe lá an phósta. Níl sé cheart dó’n bhríghdeóig amharc isteach sa scáthán nuair a bhíos sí ag deánadh réidh an maidin sin. Bá cheart dó chailín eile í a chóiruighadh. Ní bhéidh ádh maith ar bhríghdeóig a shoillsigheann an ghrian uirthí ag níghe a éadáin dí nó ag dhul(continues on next page)- Informant
- Séamus Ua Míodhacháin
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- 56
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cill Charthaigh, Co. Donegal