School: Mucros (roll number 5364)
- Location:
- Mucros, Co. Donegal
- Teacher: Aodh Ua hEigeartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Oidhche Fhéil Bhríghde.
Oidhche amhain gach bliadhain bíonn féile mór ag na daoine i n-onóir Naomh Bríghde. Ar an céad lá de mí na Feabhra a choinnigheann siad an féile.
Is mór an meas atá ag na daoine ar Naomh Bríghde, nó níl aon oidhche nach n-ofráileann siad suas trí Aibh Máire ionns uirthí ag iarraidh uirthí bheith mar threoraidhe acu ar an t-saoghal seo ach go h-airithe ar uair a mbáis.
Ar an céad lá de Feabhra gnídheann siad rud spesialta amhain ina cuimhne agus is é sin “deánamh na gcros”. Ar oidhche an lae sin téigheann fear a’ toighe amach agus gearann sé garbhog feag.
Bheireann sé na feaga leis go dtí an teach agus fágann sé ag an doras cúil iad. Annsin ag tuitim na h-oidhche nuair atá an lampa lasta agus an tae a dheánamh réidh, agus na soithigh ar(continues on next page)- Informant
- Liam Ua hÉigheartaigh
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Goirt Sháile, Co. Donegal