School: Teileann
- Location:
- Teileann, Co. Donegal
- Teacher: Leon Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Teileann
- XML Page 173
- XML “Scéal fá Shiógaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sceal fá ShíogaidtheBhí fear i n-a choinnuidhe i gCruachleann (Teileann) fad ó shoin darb'ainm dó Séimín MacFionnlaoich. Trathnóna amháín thainig sé isteach agus é tuirseach indhiaidh a bheith ag obair ó lá. Dubhairt a bhean leis nach dtainig a chliabóg? abhaile. Ní thearn sé ach breith ar a bhata agus amach leis. D'imigh sé a chuartufhadh? na cliobóige? is níor stad sé go rabh sé ag bruach Fhochar Chapaill. D'amharc sé síos ins an ált agus dar leis go bhfacasé í marbh thíos ar a'chladach. Bhí sé ag éirighe dorcha agus b'fhada leis a ghabhail síos fhad leíthe. Thionntaigh sé go dtugadh sé iarraidh ar a' bhaile. Bhí sé tursach? ocrach agus é buaidheartha fa n-a chliobóig bheith marbh. Shuidh sé ar bhruach bheag go ndéanadh sé a scíste? agus le linn é bheith tursach thuit sé i n-a chodladh. Ní rabh sé i bhfad i n-a chodladh nuair a chruinning sluagh? i n-a bheatha de shíogaidhe thart fá dtaoibh de. Bhuail siad a chainnt eatorra fhéin caiidé dhéanfad siad leis. Dubhairt an chead? fhear go bhfágfad siad bodhar, bolamhar? é; dubhairt an daarna fear go bhfágfad sé gan luth, gan spreacadh é; agus dubhairt an tríomhadh? fear nach ndéanfadh acht go bhfágfadh siad a chliobóg aige le tabhairt abhaile. Nuair a mhuscail sé bhí a chliabóg ag(continues on next page)
- Informant
- Pádraig Mac Seaghain
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Iascaire
- Address
- An Cheapach, Co. Donegal
- Informant
- Tomás Mac Seaghain
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 94