School: Teileann
- Location:
- Teileann, Co. Donegal
- Teacher: Leon Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Teileann
- XML Page 223
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ag tuitim anuas." " Rachaidh me cinnte," arsa an fear. Is maith liom obair a fhághail. Bhéinn buidheach duit dá dtugtha cead domh féin agus do mo chlann fanacht ann le linn a chóirighthe." Gheall an marcaigh sin dó.
Chuaidh an fear, a bhean agus a chlann um toighe seo agus bhi fhios ag an fear gurabé seo an teach ceadhna a rabh sé ann leis an tsagart. Bhí iongantas mór ar na daoine nuair a chualaidh siad nár mhothuigh an fear dadaidh sa teach. Nuair a bhi an teach cóirighthe ag an fhear smaoinigh sé ar an ór a chur sé féin agus an sagart. Chuaidh sé go dtí'n seomra agus fuair sé na dtrí bhairrille agus thug sé leis na bhaile iad. Dhíol an fear é de bhrigh nach rabh iomradh aige ar an ór. Chuaidh an fear, a bhean agus a chlann i n-a bhaile annsin agus shil siad rith an ama gurabé an fear uasal a thug an t-airgead dó mar nach bhfacaidh siad na bairrillí ar chor ar bith. D'éirigh siad co saibhir leo. Bhí iongantas ar na daoinibh agus an ceart aca- Informant
- Seaghan Mac Seaghain
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Occupation
- Iascaire
- Address
- An Baile Mór, Co. Donegal