School: Cruit Island (roll number 16069)
- Location:
- An Chruit, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cruit Island
- XML Page 23
- XML “Aodh Bán agus Séamus Crón”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mór ins sna beannaib agus caithfid sé go bhfuil sé ag dul isteach ibhfad sa talamh.Deirtear go deachaidh muinntir Árann
n-a bhfolach ins an uaigh seo nuair a tháinig saighidiúirí "Cromwell" i dtír ar an oileán. D'fhan siad ann ar feadh trí lá agus ní rabh na saighidiúirí abalta duine ar bith ' fheiceáil. Sa deireadh chuaidh fear amháin amach le feiceail rabh na saighidiúirí ar shiubhal. Chonnaic siadsan é agus mharbhuigh siad é agus thainig siad ar an mhuinntir eile a bhí istigh san uaigh agus mharbhuigh siad uilig iad acht amháin beirt fear a fuair ar shiubhal uabhtha(?).Sin an fáth a tugadh "Uaigh an Ár" ar an uaigh ("The Cave of Slaughter). Aodh bán agus Seamas Cróin, ainmneacha na fir a thainig saor as. Leag(?) siadsan currach agus tharraing siadsan as "oileán na Cruite" a bhí ar a taobh thoir daobh(?). Deirtear go rabh an tóir na ndiaidh acht shroich siad cúl na Cruite , d'fhág siad an currach agus d'imthigh siad go h-iochtar an oileáin. Léim siad 6(?) binn annsin agus shnámh amach go dtí ceann de na h-oileáin acht taobh amuigh de Thóin na Cruite agus chuaidh i bhfolach ann(?) ar an namhaid. Ní rabh na saighidiúirí(continues on next page)- Informant
- Máire Ní Searcaigh
- Gender
- Female
- Informant
- Proinseas Ó Domhnaill
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Béal na Cruite, Co. Donegal