School: Cnoc na Naomh
- Location:
- Cnoc na Naomh, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Cnáimhsighe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc na Naomh
- XML Page 31
- XML “Oisín i ndiaidh na bhFiann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- "Oisín 'ndiaidh na bFiann"." Lá amhain fadó ó shoin bhí na Fianna Éireann, thuas i lár na h-Éireann ag seilg. Nuair a bhí an lá thuas acú shuidh siad síos cois locha a dheanamh a sgithiste.
Bhí an ghrian ag soillsiú siar fríd an loch. Dubhairt duine acú leis an duine eile, cé a leanadh de'n t-soillsiú deas sin thiocfadh sé isteach go dtí áit dheas eignteacht . Eadar sin agus léir chonnaic siad ball geal ag tarraingt ortha. Shilfeá gur beathach bán a bhí ann agus marcach mná air. Nuair a tháinig sí fhad leobtha. " Is bréagh an gaiscidheach thú " adubhairt sí le Fionn Mac Cumhall. " Mise Méadhbha na Gruaige Ruaidhe. agus tá mo athair 'na rí ar Thír na h-Óige, agus tháinig mé le do mhac Oisín, a thabhairt liom agus mo bhfágaim é ní phosfaidh mé a'n fhear eile. "Tabhair léim ar mó chúl na níl mise ag gabhal a fhanacht níos fúide". Thug Óisín léim 'un tosaigh gan eagla ar bith. Thug leim ar a cúl. D'fhág slán ag Fionn agus a mhór shlóighthe. D'imthigh siad leobha ins na rí ruagán 's na ruagán reatha, 's na rí ruagán, 's na rí ruagán 's na ruagán reatha na mbéirfeadh siabán de'n ghaoith(continues on next page)- Informant
- Brian Ó Comhgaill
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Male
- Address
- An Ardaidh Bheag, Co. Donegal