School: Cnoc na Naomh

Location:
Cnoc na Naomh, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Mac Cnáimhsighe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1072, Page 34

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1072, Page 34

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cnoc na Naomh
  2. XML Page 34
  3. XML “An Tom Beag Bídeach Bídeach Sméar”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. "An Tom beag bídeach bídeach sméár"
    Bhí cailín ann a'n uair amháin, agus nuair a bhí sí ag sguabadh an toighe lá fuair sí sé pighne ar an urlár. Lá aonaigh a bhí ann, agus d'imthigh sí 'un a aonaigh le gabhar a cheannacht. Ar an bhealach 'na bhaile duithe, chonnaic sí tom beag, bídeach, bídeach sméar, agus d'iarr sí ar an ghbhar a ghabhail 'na bhaile go n'iosadh sise an tom beag, bídeach, bídeach sméar.
    Dubhairt an gabhar nach ngabhfadh, agus d'iarr sí ar an mhadadh an gabhar ithe nuair nach ngabhfadh an gabhar 'na bhaile go n'iosfadh sise an tom beag, bídeach, bídeach sméar.
    Dubhairt an madadh nach n-iosfadh, agus d'iarr sí ar an bhata an madadh a bhualadh nuair nach n-íosadh an madadh an gabhair, nuair nach ngabhfadh an gabhar na bhaile go n'íosadh sise an tom beag, bídeach, bídeach, sméar.
    Dubhairt an bata na mbuailfeadh, agus d'iarr sé ar an teinidh an bata a dhóghadh nuair nach mbuailfeadh an bata an madadh, nuair nach n-íosadh an madadh an gabhar, nach ngabhfadh an gabhar 'na bhaile go n-íosfadh sise, an tom beag, bídeach, bídeach sméar.
    Dubhairt an teinidh nach ndoighfeadh, agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT2030: The Old Woman and her Pig
    Language
    Irish
    Collector
    Mairín Ní Chnaimhsighe
    Gender
    Female
    Informant
    Cáit Ní Dhubhgáin
    Relation
    Relative (other than parent or grandparent)
    Gender
    Female
    Address
    An Ardaidh Bheag, Co. Donegal