School: An Doirín (roll number 11549)

Location:
An Doirín, Co. Mayo
Teacher:
Seán Mac Cárthaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0086, Page 137

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0086, Page 137

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Doirín
  2. XML Page 137
  3. XML “Paróiste Acla”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhí tuairm ag daoine airíghthe gur gairmeadh Acaill i ndiaidh Eagle, mar go raibh Eagles go h-ana flúirseach ann fadó. Téidheann daoine chómh fada is a rádh gur o Nangle a gairmeadh í. Ní ciall ar bith leis na tuairmí sin mar má sgruidhtuightear an focal Gaedilg .i Acaill (Ath Coill) cidhtear go reidhtígheann an tuairm atá ag na daoine maidir le cómh deanamh an fhocail.
    Deirtear go raibh Acaill uilig fé coillte uair amháin sa tsean aimsear. Le na linn sin seadh mhair Bhalor Béime ann. Ní raibh na daoine sásta an cíos mor a chur sé ortha a íoch. Bhí shúil amháin i gclár a éadan ag Balor agus shúil nimhe a bhí ann agus nuair na n-íochfhadh síad an cíos leis tóg sé na bratacha a bíodh ar a shúil dí. Nuair a thóg sé an céad brat tosnuig na raitinigh ag críonadh agus nuair a bhí an seactadh brat tóghtha aige chuaidh gach rud tré teine. Bhí an tír go léir tré teine agus níor stadh an doighthéan gur srois sé Caiseal Acla. Sin í an fáth go ngeibhtear crainn giumaise agus rian dóighte ortha ins na portaig go dtí an lae andiú.
    Na dhiaidh sí thosnuig crainn óga ag fás agus níor bfada go raibh Acaill fé choillte .i. bhí ath coill san áit. Is mar gheall ar sin a tugadh Acaill ar an áit. Sé an rud is aite i dtaobh Acaill na gur beag na má tá aon trácht uirrí sa stair gídh go bfuil a lán iarsmaí stair inntí a taisbeánann go raibh daoiní na gcómhnuidhe ar an oileán cómh fada síar le tosach ré an iarainn no bféidir níos bfuide.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish