School: Cros-Bhóthar (roll number 14688)
- Location:
- Pollacorragune, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Maoláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cros-Bhóthar
- XML Page 0005
- XML “Paidreacha eile”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1) Ag Coigilt na Teine dhuit abair:-Coiglim an tein seo mar choigligheas Críost an Pháis
Brighid 'na bun is Muire 'na bárr
Na Seacht n-Aingle is aoirde i bhFlatheas na ngrás
Cúmhdach ar mbeithidigh is daoine slán.
2) Ag Muchadh an t-Soluis dhuit - lampa nó coinneall etc.
Abair:-Ná muchtar Solas na Flaithis iónann go deó"
3) Nuair a bhíos bean ag déanamh aráin deireann sí:-Rath Dé agus ball Phadraig
Ar a nglacann's mé is ar a bhfeiceanns mé
An rath a chuir Dia ar na Cúig Aráin
Agus ar an dá éisc
Go gcuiridh Sé ar an mbeatha seo é.
4)Ceithre Choirneál ar mo leabaidh
Ceithre aingle beannuighthe orra scartha
Má fhághaim bás sul má dtí maidin
I bFlaithis Dé go raibh mo leaba.