School: Cros-Bhóthar (roll number 14688)
- Location:
- Pollacorragune, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Maoláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cros-Bhóthar
- XML Page 0060
- XML “Scéal Greannmhar”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ba gnáthach fadó na táilliúirí a bheith ag dul do thighthibh na ndaoine ag déanamh cultacha éadaigh nuair a bhí gádh acu leo. Ba cheann acu seo Páidín Rúadh agus fear an-ghreannmhar ar fad a beadh Páidín. Lá dá raibh sé amuigh mar seo i dteach eicínt leag bean a' tighe béile ar an mbord chuige. Nuair chonnaic Páidín nach raibh ar an mbord aige ach ubh amháin labhair sé, "a bhean a' tighe" ar seisean, "cá bhfuil a comráidí seo". Níor dhubhairt bean a' tighe rud ar bith. Arís am dinnéara leag sí sgitheóg fatái anuas cuig cúigear nó seisear fearaibh acu agus istigh i lár na sgitheóige bhí pláta agus aon sgadán amháin ann. Nuair a chonnaic Páidín sin rinne sé dá leith de fhata agus leag sé ceann
acu ar shúil an sgadáin. "Ce an fath a ndeárna tú sin ", arsa bean a' tighe leis. Faithchíos a bhí orm arsa Páidín dá bhfeiceadh sé an méid a bhí hart air ag dul ghá ionnsú go sgúabfhadh sé leis ar fad agus nach mbeadh rud ar bith fágtha agam.- Informant
- Micheál Ó Connláin
- Gender
- Male