School: Cros-Bhóthar (roll number 14688)

Location:
Pollacorragune, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Maoláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0039, Page 0084

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0039, Page 0084

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cros-Bhóthar
  2. XML Page 0084
  3. XML “Local Heroes - Strong Men”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Strong Men 3
    Micheál A' Giollagáin. Cnoc na gCorr Baile'n Mhuilinn Tuaim Co na Gaillimhe.
    Bhí sé amuigh ar an bhfear seo leis go raibh sé an-láidir amach is amach. Is iomdha duine a rinne iarracht é a leagadh ach níor eirigh le duine ar bith ariamh sin a dhéanamh.
    Tháinig fear ó Chondae Sligigh uair chun é a fhéachaint ag iomrascáil. Chuala sé trácht ar an Giollagánach agus ní raibh sé sásta gan triall a bhaint as.
    Tháinig sé lá fuar i mí Mhárta chuir sé tuairisg an Giollagánaigh agus sé'n áit a raibh sé ná ag déanamh an chlaidhe mhóir atá anois idir talamh Shéamuis Uí Beirín agus bean Mhike Turner.
    Sluasad adhmaid a bhí aige. Tháinig an stráinséar fada leis. Bhuail sé bleid air agus thosuigh comhrádh eatorra. Níor bhfada gur innis an fear as Sligeach fáth a thurais. Fan annsin nóiméat arsa an Giollagánach agus thug se sáith do'n t-sluasaid gur chuir go feirc thrid an gaineamh 's gairbhéal faoi 'na chosaibh. Fan annsin ar seisean go mbainfidh mé díom an cóta mór seo. Nuair a chonnaic an fear eile as Sligeach an chaoi ar chuir Micheál an t-sluasad thrid an talamh tháinig faitchíos air agus dubhairt sé "A! beidh sé sáthach luath ar maidin. Tá tuirse orm anois".
    Tá go maith arsa Giollagán ach ní raibh tásg ná tuairisg ar an bhfear eile lá'r na bhárach.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Language
    Irish