School: Cros-Bhóthar (roll number 14688)

Location:
Pollacorragune, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Maoláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0039, Page 0074

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0039, Page 0074

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cros-Bhóthar
  2. XML Page 0074
  3. XML “Gruagach na gCleas”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Gruagach na gCleas
    Bhí Rí ann fadó is is fadó bhí is dhá mbeadh sé ann an uair sin ní bheadh sé ann anois. Bhí aon inghean amháin aige darab ainm di Gráinne. Nuair a bhí sí in-aois a pósta tháinig fear darab ainm Gruagadh na gcleas ar a tóir; níor mhaith leis an Rí an fear seo 's chuir sé Gráinne fé ghlas agus thug sé ordú do bheirt fhathach an áit do chosaint. Bhí go maith. Tháinig na h. éanlaith agus Rinne siad codladh ar an ngárda le na gcuid ceoil. Tháinig Gruagadh an bealach annsin agus scuab sé Gráinne chun bealai? leis. Chuala an Rí an scéal agus chuir sé an donn mac dubh-fhraoich agus dubh mac an dubh fraoich ina ndiaidh.
    D' imthigheadar leo go dtáinig siad go dtí teach i lár coille í na raibh madra Ruadh na Coille léith. Dubhairt fear a' tighe leab gurab é an gruagach a bhí ann aréir agus iad abheadh ann anocht.
    Ar maidin lá'r na bhárach. D'imthigh siad agus tháinig siad go dtí teach eile agus dubhradh an rud céadna leób.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
    Language
    Irish
    Informant
    Micilín a Phreabaire
    Gender
    Male
    Address
    Kilgevrin, Co. Galway