School: Cros-Bhóthar (roll number 14688)
- Location:
- Pollacorragune, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Maoláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Lá amháin bhí sgurach óg ag fosuigheacht le muca ar thaobh an bhóthair 's tháinig ministéar súas leis marcuigheacht ar a chapall 's thosuigh
sé ag cómhrádh le'n mbuachall 's ar seisean. "Ce'n áit a dtugann an bóthar seo thú'"? Táim annseo le coicíghis ars an lad 's níor thug sé in-áit ar bith go fóill mé. "Ó nach glic an buachall thú," cé leis na muca beaga seo? "Is leis an t-sean-cráin íad" ars an búachall. "Ó tá's agam sin" ars an ministéar, ach cé hé máighistear na mbanbh? "An diabhal beag dubh 's bán a fheiceas tú ag tochailt tig leis sin iad uilig a bhúaladh."
"Ní hé sin atá i gceist agam, ar chor ar bith," ars an ministéar, "ach cé hé do mháighistear"? "Sé fear chéile mo mháighistreas é," ars an buachaill,
"fear chomh maith 's a gheobhfa as seo go dtí é féin." "Ó ní thigeann tú mé go fóill." Ce hí do mháighistreas, "b'féidir go dtuigeann tú sin." Tigim go maith ars an buachaill sí bean mo mháighistir í 's tá's ag chuile duine sin. "Ó tá tú ró-ghlic ar fad ars an ministéar." Is glic agus
tú's ta sé chomh maith agam leigint dhuit.(continues on next page)