School: Scoil Éinde, An Spidéal

Location:
An Spidéal, Co. Galway
Teacher:
Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0063, Page 010

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0063, Page 010

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Éinde, An Spidéal
  2. XML Page 010
  3. XML “Scéal - Na Buachaillí agus na Cnaipí”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    fear a chas dhó leis. Ó tá an roilig lán suas le sídheógaí. Muise i bhfuil adeir a fear a chas dhó, fág sé síos nó go bfeicfidh muid iad. Chuaidh siad síos go dtí an roilig agus chuala siad an chainnt, ceann duitse agus ceann dhomsa. Dimthigh leó cho tréan agus bhí siad indan, agus nuair a bhí siad a teacht in-aice an bhaile, dubhairt duine aca leis an duine eile gurbh é Dia agus an diabhal a bhí ag roinnt na n-anamnachaibh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Scéal

    Ins an am fadó bhí sípéara ina chomhnuidhe taobh shoir de Ghaillimh in aice le Béal Átha na Sluaigh.

    Sgéal
    Ins an am fadó bhí sípéara in-a chomhnuidhe taobh shoir de Ghaillimh in-aice le Béal-Atha na Sluagh. Oidhche bhreágh ghealaigh i mí na Bealtaine, chuaidh an sípéara amach ag breathnú ar a chuid caoire mar bhí siad le úain. Suidh sé síos faoí chlaidhe na páirce. Chuala sé sgréach agus shíl sé gur iad na cearca fiadhain a bhí ag sgreadach sa gcoill. Chuir sé cluais ar fhéin agus déirt sé. Chuala sé an sgréach aríst, agus fhacas dó gur glór bean a bhí ann. Chuala sé an sgréach aríst, agus céard a bhéadh ann acht bean sídhe a bhí ag imtheacht ins an aér. Chuir sé suas crúca na gcaorach agus thairn sé anuas aige í. Rug sé uirri, agus ní raibh sí indan cainnt a dhéanamh. D'iompur sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Informant
    Liam Ó Gráinne
    Gender
    Male
    Age
    80
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Doire Locháin Thiar, Co. Galway