School: Scoil Éinde, An Spidéal

Location:
An Spidéal, Co. Galway
Teacher:
Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0063, Page 025

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0063, Page 025

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Éinde, An Spidéal
  2. XML Page 025
  3. XML “Scéal - Tomás Mór Ó Síoda”
  4. XML “Scéal - An Bhaintreach agus A Mac gan Aon Deis Mhaireachtáil”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal.
    An bhaintreabhac agus a mac gan aon deis-mhaireachtáil.
    Bhí baintreabhach i ghConnamara fadó, agus bhí aon mhac amháin aici. Bhí siad an bhocht. Aon lá amháin dubairt an mac go rachadh sé ag saothrú, agus dubhairt an mháthair leis a dhul. Ní raibh ceó aici lé tabairt dhó, le h-aghaidh an bhóthair acht trí shicín. Thug sé leis an trí shicín. Thug sé leis an trí shicín [!] agus d'imthigh sé leis, agus ní raibh sé i bhfad ag dul go dtí an baile mór. Dhíol sé na trí shicín ar an margadh agus fuair sé luach maith ortha. Chuaidh sé go dtí siopa agus d'fiafruigh sé d'fear an tsiopa, cé méid a bhéadh ar leabadh le codhalta go maidin. Sé pighinne arsa fear an tsiopa. Tá go maith arsa an mac seo. Annsin chuaidh sé a chodhladh go séanmhar sásta. Nuair a dhúisigh sé ar maidin, cheangail sé suas an leabadh, agus tháinig fear an tsiopa go dtí é. Cá bhfuil tú ag dul leis an leabadh arsa fear an t-siopa leis.? Tá mé ag dul dhá thabairt liom abhaile, mar d'íoc mé í aréir. Fág agam í arsa fear an tsiopa agus béarfadh mé chúig ghiní dhuit. Tá go maith arsa mac an baintrighe agus fuair sé chúig ghiní uaidh fear an t-siopa. D'imthigh sé leis abhaile go sásta. Ar a bhealach abhaile dhó, do casadh fear leis agus capall mór aige, d'fiafruigh sé céard a bhí sé ag iarraidh ar an gcapall, dhá ghine arsa an fear. Tá go maith arsa mac na baintrighe agus thug
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1539: Cleverness and Gullibility
    Language
    Irish
    Informant
    Tomás Ó Neachtain
    Gender
    Male
    Age
    43
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Baile an tSagairt, Co. Galway