School: Scoil Éinde, An Spidéal

Location:
An Spidéal, Co. Galway
Teacher:
Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0063, Page 028

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0063, Page 028

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Éinde, An Spidéal
  2. XML Page 028
  3. XML “Scéal - An Bhaintreach agus A Mac gan Aon Deis Mhaireachtáil”
  4. XML “Scéal - Duine do Thuill Clú agus Cáil dó féin insan Áit in Am Éigin”
  5. XML “Scéal - Cistí Óir i bhFolach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal.
    Duine do thoil clú agus cáil dhó fhéin ins an áit i n-am éigin
    Bhí sgorach thiar i gConnamara agus bhí sé tuairim chúig troighthe ar aoirde agus troigh go leith ar léitheid. Bhí caiptín luinge i nGaillimh uair amháin, agus gheobhfadh duine ar bith duais a bhéadh indan aige. Uair amháin chuaidh an sgorach go Gaillimh agus chuaidh sé síos go dtí an Dug agus chonnaic sé an caiptín cúpla slat amach san bhfairrge. D'féach sé síos san Dug agus chonnaic sé long mór, agus bhí an long seo faoí mhuinntir na Gaillimhe le coisint ar dhuine ar bith a thiocfadh dhá ionnsuighe. Chaith sé léim mór síos ar bhord na luinge, agus nuair chonnaic an caiptín an léim a thugh sé, tháinic sé isteach agus dubhairt sé leis, is agat sa a bhéidh is an duais adeir sé agus tháinic glionndar croidhe air, agus chuaidh sé abhaile, agus scaip sé amach ar fud na h-áite gurbh é a fuair an duais, agus fuair sé an duais cúpla lá in-a dhiadh [!] sin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.