School: Scoil Éinde, An Spidéal

Location:
An Spidéal, Co. Galway
Teacher:
Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0063, Page 004

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0063, Page 004

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Éinde, An Spidéal
  2. XML Page 004
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal - An Buachaill Glic”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal (continued)

    Bhí seanfhear fadó ann, agus bhí sé ag brionglóid go raibh pota óir faoi dhroichead baoí luimnigh.

    (continued from previous page)
    adeir sí ní fhéidfinn déanamh gan é a bheith agam. Mar a bhféadfadh, tá sé sgríobhta ar an gclár seo go bhfuil an oiread céadhna ar an taobh eile den chrann. Téirigh na coip coinne agus gheobfadh tú é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Sgéal
    An buachaill glic
    Ná mílte bliadhain ó shoin, bhí buachaill ag obair ag duine uasal. Bhí oileán san áit agus ní raibh sé i bhfad ó'n teach seo. Bhí cnoc an árd ar an oileán agus deirtear nach raibh aon-dhuine ariamh istigh ar an oileán seo. Bhí deis mhaith le dhul isteach air, ó'n áit a raibh an teach seo. Lá amháin fuair an buachaill agus an duine uasal corach agus chuaidh siad isteach ar an oileán. Nuair a bhí siad istigh air sgaip siad ó chéile, agus d'imthigh siad ar fud an oileáin. Nuair a bhí sé i ngarr a bheith in-a oidhche, tháinic an duine uasal go dtí an corach acht ní raibh a fhios aige cá raibh an buachaill, do ghlaoidh sé ar agus ní bhfuair sé aon fhreagra. D'imthigh sé abhaile sa deire. Bhí an buachaill ag cuartú an duine uasal ar feadh i bhfad. Sa deire shuidh sé síos agus thosaigh sé ag dearca thar-timceall ar. Is gearr gur thug sé faoi deara go raibh an áit ar fad líonta le píosaí óir. Bhí sé i bhfad ag dearca orra agus ba geárr gur thosuigh sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Informant
    Siubhan Bn Uí Conchubhair
    Gender
    Female
    Age
    50
    Address
    Both Loiscthe Íochtair, Co. Galway