School: Scoil Éinde, An Spidéal

Location:
An Spidéal, Co. Galway
Teacher:
Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0063, Page 023

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0063, Page 023

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Éinde, An Spidéal
  2. XML Page 023
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal - Tomás Mór Ó Síoda”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Murchadha. Shroic sé an domhan thoir agus ní dheacadh Murchadha amach ar chor ar bith. B'éigin do Fhionn an banríoghan a throid é fhéin, agus fuar sé láimh an uachtar uirthí. Tháinig sé abhaile annsin agus ní dheárna sé stad ná comhnuidhe nó go marbhuigh sé Murchadha.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Sgéal
    Tomás Mór Ó Síoda.
    Bhí fear in-a chomhnuidhe timcheall is céad go leith bliadhain ó shin i mbaile beag tuaithe taobh shoir de'n Spidéal, agus is é an t-ainm a bhí air an mbhaile ná Baile an Domhnallán. Ba fear é a bhí an chríonna. Ins an am seo bhíodh go leór daoine ag fághail cistí óir. Deir na daoine ins an am seo dá mbéidhfeá ag brionglóidí trí oidhche in-ndhiadh [!] a chéile ar rud ar leith, acht gan do bhrionglóid a innsint do dhuine ar bith go mbéadh an treas oidhche thart go mbeadh an rud sin fíor. Acht tú a bheith ag brionglóid ar aon rud amháin na trí oidhche sin. Is é an th-ainm a bhí ar an bfear ná Tomás Mór Ó Síoda. Bhí se pósta agus ní raibh aige do chlann acht aon mhac amháin, agus ní raibh an mac seo acht bliadhain d'aois an t-am seo. Bhí áit timcheall is leath míle suas ó theach Thomás Mhóir, agus is é an t-ainm atá ar an áit ná an t-Sean-Átha, áit a raibh Átha déanta istigh inntí, ins an sean saoghal, agus tá cuid de'n átha in-a sheasamh fós. Taobh ó thuadh de'n átha tá leac mhór mín sleamhain,
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Tomás Ó Neachtain
    Gender
    Male
    Age
    43
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Baile an tSagairt, Co. Galway