School: Scoil Éinde, An Spidéal
- Location:
- An Spidéal, Co. Galway
- Teacher: Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Éinde, An Spidéal
- XML Page 016
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé thríd an ghloine agus dubhairt sé leó go raibh néal ag éirigh ag bun na spéire an áit a thug siad an locht as. An t-éan atá ann adeir fear eile aca. Leagadar orra acht bhí an rud ag coingbhéal leó. Nuair a bhí sé as cinn an bháid, chaith an faoiléara urchar leis agus thuit sé anuas i lár an bháid agus rinne dhá leith de'n bhád. Ghlaodh siad ar an táilliúr agus dubhairt siad leis an bád a fhuagháil agus d'fuagháil sé an bád, agus thainiceadar abhaile agus an bhean aca. Bhí an taoirseach an t-sásta. Bhí chaon duine aca ag iarraidh an mnaoí, acht ní bfuair siad í, acht fuair siad go leór airgid.
- Sgéal.Bhí rí ann fadó ar na h-iasgairí, agus Pádhraig a bhí air. Rud ar bith adhéanfadh Pádhraigh, chaitheadh sé a bheith déanta. Dubairt sé lá leis na sean-iasgairí go rachadh sé ar faoisdean an lá dár gcionn. Is maith an áit, a Phádhraig adeir siad, is maith a deir Pádhraig. Maidin lá ar na bháireach, d'imthigh sé le dhúl ar faoisdean, agus chas Cáit na laogh ar thuas ag an droichead beag, cá bhfuil tú ag dul a Phádhraig?, ag dul ar faoisdean, is maith an áit a Phádhraig, is maith a deir Pádhraig. Fág seo isteach go n-ólaimíd pionnta. Níl aon locht ar, adeir(continues on next page)
- Informant
- Seán Ó Curraidhin
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Doire Locháin Thiar, Co. Galway