School: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean (roll number 11146)

Location:
Cill Mhic an Domhnaigh, Co. Kerry
Teacher:
Tomás Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 597

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 597

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean
  2. XML Page 597
  3. XML “An Gabha agus an Cheárta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá dhá cheárdcha sa pharóiste seo fé láthair, lé Tomás Ó Néill iseadh ceann aca agus lé Pádruig Bhailís an ceann eile. Bhí muínntir Thomáis Uí Néill na gaibhne ríamh, ach ní raibh muinntir Bhailís. Is i gCeann Trágha atá an dá cheárdcha suídhte. Tá ceárdcha Thomáis Uí Néill i naice na fairrge ar an dtaobh dheas don mbóthar atá idir Ceann Trágha agus an Daingean. Tá céardchain Bhailís ar an dtaobh clé don mbóthar céadna.
    Aon teaghlach amháin atá istigh i ngach céardchain dóibh. Tá cuma tríanthanach ar an mbuilg. Is iad seo na h-úrlaisí a bhíonn ag an ngabha i mbun a chuid oibre - inneóin, casúr, tlú, orsail agus tarrainí. Cuireann sé cruidhte fé capaill, phunairí agus fé asail. Deineann sé céachtaí agus bracaí a dheisiú. Deineann sé suich do leasú agus spealanne nua do chur I dtreó agus buinn a chur fé rothaibh. Oibrigheann an gabha amuigh fé'n aer nuair a bhíonn na laetheanta bhreágh. Is amuigh fé'n aer a chuireann sé na cruidhte anáirde. Seo abairt a bhaineann le gaibhneacht:-
    Ní phósfainn féin an gabha dubh,
    An gabha dubh, an gabha dubh!
    Ní phósfainn féin an gabha dubh
    Mar bíonn sé dubh sa cheardchain.
    Deirtear go gcimilebchfaidhe uisce céardchan do suile tinn é nú do
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
          1. smithing (~2,389)
    Language
    Irish
    Collector
    Mícheál Ó Beodláin
    Gender
    Male
    Address
    Fán, Co. Kerry
    Informant
    Labrás O Murchadha
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Male
    Age
    76