School: An Clochar, Neidín

Location:
Kenmare, Co. Kerry
Teacher:
Brighid Ní Lochlainn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 424

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 424

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Neidín
  2. XML Page 424
  3. XML “Scéal - Insín an Áir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sa tsean aimsir ní raibh na paroístí i gCiarraidhe mar atá siad anois. San uair sin bhí Seipéal Neidín ar thaobh theas abhann an Ruachtaig agus bhí tig an tsagairt in aice leis. Lá amháín chuaidh an sagart go Fiacna cun an ola deidhéanach do chur ar dhuine breoite. D'fhág sé a phortús i dtig an duine sin agus é ag filleadh abhaile.
    Maidin lá ar na bhárach d'iarr sé ar an gcailín aimsire dul agus é breith thar nais chuige. Nuair a bhí sé ag dul ann chuala sí glór mhór in aice léi. D'fheach sí isteach san bpáirc agus chonaic sí na cuirp go léír scaipighthe ar fuaid na páírce. Fuair sí amach go rabhadar go léir marbh acht fear amháín. Dubhairt sé leis an gcailín gur chuaidh triúr is cúígear fear ó'n Scairt go Bórd Eoghainín cun creach a thógaint leo. Dubhairt sé lei a bróg a bhaint di agus í do lionadh le h-uisge an t-Sín. Do dhein sí an méid sin agus d'ól sí an t-uisge. Dubhart sé leí annsan an chreach a thógaint agus chúm sé an bhéarsa so,
    " Triúr is cúigear ó'n Scairt
    Fear is seachtmhar ó Bhórd Eoghainín
    Do throideadar cath i gcóir an creach
    In Insín Gaorthaig ar bhruach an Ruachtaig is an t-Sín! "
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Micheál Ó Ceallacháin
    Gender
    Male
    Address
    Kenmare, Co. Kerry