School: Inis Meáin (roll number 12339)
- Location:
- Inis Meáin, Co. Galway
- Teacher: Proinsias Ó Dorchaidhe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tá go leor comharthaí ag na seandaoine le faisnéis a thabhairt ar an sórt aimsire bhionn le teacht. Baineann siad meabhair as an ngealaigh, as an ngrein, as na néalta, as an bhfairrge, as an ngaoith, as an speir agus as rudaí beo.
(a) Deireann na daoine nuair a bhíonns an ghealach caithte ar a tóin ins an speir go mbíonn droch aimsear air. Nuair a bhíonn's fáinne mór mór thimcheall uirthi freisin bíonn droch-uair air. Nuair a bhíonn's an ghealach ag seoladh gaoth aniar bíonn uair bhreágh air. Nuair a bhíonn's an ghealach nua le feiceáil go luath is ionndual gur aimsear gharbh a thugann's sí againn agus nuair nach mbíonn sí le feiceáil go ceann seachtmhaine is uair bhreágh a thugann's sí léi.
(b) Nuair a bhíonn's an ghrian an-dearg ag dul faoi di bíonn báisteach air. Má bhíonn cosa fada ón ngréin sa tráthnóna bíonn uair(continues on next page)- Collector
- Brighid Ní Choinceanainn
- Gender
- Female
- Address
- Inis Meáin, Co. Galway
- Informant
- Seán Ó Conceanainn
- Gender
- Male
- Address
- Inis Meáin, Co. Galway