Scoil: Gob an Choire (Clochar) (uimhir rolla 16890)
- Suíomh:
- Gob an Choire, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Sr. M. de Sales
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar rí le sin. Ar dheireadh phós sí é ach dubhairt sí leis aon lá a tharlóchadh easaontas eatorra go gcaithfeadh sise trí ualaigh nó trí guidhe a fhágháil uaidh. Shochruigheadh é sin. Bhí fear in a chomhnuidhe in aice le Pálás an Riogh agus bhí feilm aige le hais feilme an Riogh. Bhí capall ag an bhfear seo agus bhiodh sé í gcomhnuidhe amuig ar féarach. Bhí giorán ag an rígh agus bhiodh sé amuigh ar féarach chomh maith. Nuair a bhiodh capall an fhir amuigh ar féarach ní fhanfadh sé ar a thalamh féin chor ar bith. Bíodh sé í gcomhnuidhe ag dul go dtí an ngiorán ag troid leis."Bhí go maith agus ní raibh go dona" chonnaich an rí an capall ag troid leis an ngiorán agus amach leis agus thug sé an capall isteach go dtí a stápla féin agus choinnigh sé é, agus leig sé ar féin gurbh é an chaoi a rug an giorán an capall ach níorbh é. Chuaidh an fear go mba leis an capall go dtí bean an Riogh ag iarraidh an chapaill. Glach an bhean truaigh air agus thug sí comhairle maith dó. Mhol sí dó slat iasgarachta fhágháil agus dorad agus dhul ag iasgaracht í ndioghachaibh an bhóthair agus nuair a bhéadh an Rí ag dul thart go gcuirfeadh sé cainnt air agus go mbéadh iongnamh air. Rinne an fear comhairle na(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Pádhraig Ó Gallchóbhbair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Sraithíní, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Máire Nic An Mháighistir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Sraithíní, Co. Mhaigh Eo